DJ's agus DAMHSÓIRÍ ✨
Is faoi dhaoine a thabhairt le chéile atá ALLTAR. Spás oscailte, fáilteach agus slán chun scaoileadh saor.
Míle buíochas le DJanna na hoíche a bhí linn. Le Current State a chur sár-thús le cúrsaí lena sheit bheo úrnua, @surka_dj a choinnigh an fuinneamh ann go deireadh na hoíche, agus dár ndóigh daoibhse ar an urlár 💃
Keep an eye out for an announcement on our next night. Tá fógra ar na bacáin...ní fada go n-osclófar an tairseach arís 🌛
📷 @claireloughshots
🎧 @surka_dj@signorbari@jthesampson
Ba ócáid thar a bheith speisialta agus spraoimhar dúinne comhoibriú lenár gcairde agus lenár gcomrádaithe spioradálta @huartan_ agus gan aon amhras ba í seo buaic-oíche ALLTAR go dtí seo.
Bhí rud éigin ar leith san aer agus Huartan ag seinm go mall san oíche, agus bhí an fuinneamh as cuimse. Oíche a fhanfaidh linn go deo 💜🖤
📸 @claireloughshots
Tacaíocht @cnagaeilge@_raw.club
Buíochas OLLMHÓR d’achan duine agaibh a tháinig go Alltar ar na mallaibh. Bhí sibh thar barr
Go raibh míle maith agat @claireloughshots ar son na ghrianghraif spesialta seo a ghlacadh den áthas, den damhsa agus den phógadh ❤️🔥
Beidh an chéad gig eile fógraíthe go luath 👀
Buíochas mór le @cnagaeilge as an tacaíocht 🙏
Tá @surka_dj tar éis a háit a dhaingniú i saol an cheoil leictreonaigh in Éirinn le cúpla bliain anuas. Tá sí aitheanta as seiteanna sreabhacha a ghluaiseann idir deep house, prog, trance, garage agus breaks — i gcónaí faoi stiúir groove agus fuinneamh an urláir rince.
Tá sí tar éis seinm taobh le Leftfield agus Orbital, agus tá sí anois ina cuid rialta de fhéilte móra ar nós Electric Picnic, All Together Now agus Beyond the Pale.
Táimid ríméadach go mbeidh Surka ag druidim amach an oíche dúinn anocht, bí ag súil le set lán brí ó thús go deiridh 🚀
@surka_dj has cemented herself in the Irish dance scene over the past few years, known for fluid sets that move between deep house, progressive house, trance, garage and breaks, always guided by groove and dancefloor energy.
She’s shared lineups with electronic music pioneers such as Leftfield and Orbital, and has become a staple across Ireland’s major festivals including Electric Picnic, All Together Now and Beyond the Pale
Surka is one of the most on demand DJ’s on the island with a packed schedule and we’re buzzing that she is going to be with is us tonight to close out what is sure to be a big one 💫
GAEL RAVE - RABHADH ⚠️ Líon beag ticéad fágtha / LOW TICKET WARNING
Tá an teanga lárnach ag ócáidí ALLTAR agus táimid bródúil as an bpobal Gaeilge atá ag borradh anseo sa chathair. Príomh spreagadh an tógra seo na deiseanna a chur ar fáil dóibh siúd le spéis sa teanga teacht le chéile agus saol le Gaeilge a chothú.
Mar sin, tá sé thar a bheith feiliúnach go mbeidh céad ócáid na bliana seo ag titim i rith Seachtain na Gaeilge. Táimid fíorbhuíoch de Chonradh na Gaeilge as an tacaíocht chun an oíche seo a chur ar an bhfód. @cnagaeilge@snagaeilge
🎶
@huartan_@surka_dj@signorbari
〰️🗝️〰️🗝️〰️🗝️〰️
✨Tá áthas mór orainn Huartan a chur i láthair Dé hAoine. Teacht le chéile nadúrtha idir aigne chomhchosúla é Huartan agus ALLTAR. Gluaiseann a gceol tríd an tírdhreach miotaseolaíoch céanna a spreagann fís ALLTAR den tSaol Eile✨
🔅🔆🔅
Bhunaíodh Huartan in 2023, agus tá siad tar éis aird mhór a tharraingt ar an mheascán ar leith de cheol gaelach, leictreonach atá ar mbun acu. Tá a lán gradaim bainte amach acu cheana féin, an leithid de BBC Introducing NI Artist of the Year agus NI Music Prize Live Act of the Year 2024. An misean atá acu ná lucht éisteachta comhaimseartha a cheangal leis an traidisiún amhránaíochta béil agus leis an teanga dhúchais Uladh. Déanann siad sin trí leagan nua, neamhghnách agus fíochmhar a dhéanamh ar sean-amhráin atá i mbaol.
Ag teacht as an Cheathrú Gaeltachta in Iarthar Bhéal Feirste, tá Huartan déanta de thriúr ceoltóirí traidisiúnta - Catriona Ní Ghribín, Múlú, agus an léiritheoir cheoil Stiofán Ó Luachráin - in éineacht le na síogaí draíochtúil sa seó beo. Mar a scríobhann Hot Press, “one of the key voices in a realignment of modern Irish music and culture”. Tá a gcuid oibre fréamhaithe in díchoilínitheas agus frith-chaipitleachais.
In 2026, beidh an banna ar chamchuairt leis an chéad albam atá eisithe acu ‘Huartan’, ina bhfuil amhráin Ghaeilge le “urgent, pulsating electronica” (Hot Press) curtha iontu, agus mar a deir Chordblossom “one of the most visionary albums from 2025”.
〰️〰️〰️〰️〰️〰️〰️〰️〰️
✨Huartan need little introduction after their breakthrough year. Their music moves through the same mythic landscape that inspires ALLTAR’s vision of the Otherworld. Huartan and ALLTAR coming together for this night feels like a natural convergence of kindred spirits✨
🔅🔆🔅
Formed in 2023, Huartan’s original blend of Irish traditional music and electronica have quickly earned them recognition, including the BBC Introducing NI Artist of the Year and the 2024 NI Music Prize Live Act of the Year. Through bold reinterpretations of at-risk Irish language songs, their mission is to connect contemporary audiences with the oral singing tradition and native language of Ulster.
🗝️Buaigh dhá thicéad chuig ALLTAR oíche Aoine bhig seo i mBéal Feirste🗝️
Chun páirt a ghlacadh: lean @_alltar , tabhair like don phost agus clibeáil an cara a thiocfadh leat
Ar an gclár tá @huartan_ , @surka_dj , @signorbari agus Current State, réidh chun sibh a thabhairt ar aistear go mall san oíche.
Fógrófar an buaiteoir Déardaoin
🤫 Roinnfear sonraí an ionaid ar an lá féin le sealbhóirí ticéad
Le tacaíocht ó @cnagaeilge agus @snagaeilge 💚
🗝️🪞✨🍀🗝️✨💚⚡️🪞🗝️
⚡️Win 2 tickets to the next ALLTAR night, this Friday, Belfast ⚡️
To enter: Follow @_alltar , like this post & tag your plus one👇
Winner announced Thursday
🤫 Secret location, given to ticket holders on the day
BÉAL FEIRSTE ✨ Táimid ar ais agus ar bís sibh a fheiceáil ar Aoine an 13ú.
Ní mharfaidh na ticéid i bhfad don ceann seo mar sin ná suí air. Ní an gnáth oíche club í seo. Nasc sa bio 🐦🔥
📍Suíomh faoi rún
❤️🔥-🍀-⛓️-🧚♀️-❤️🔥-🐉-⛓️
BELFAST ✨ we are back and can’t wait for Friday the 13th.
Tickets wont last long for this lineup so don’t wait. This is not your average club night. Link in bio 🐦🔥
📍Secret Location
Filleann ALLTAR ar Bhéal Feirste ó na scáthanna do Sheachtain na Gaeilge ✨ Dé Aoine 13ú, go mall san oíche, rachaimid thar an tairseach chuig an tSaol Eile.
Tá spás ar leith cruthaithe againn don ócáid, @huartan_ _ i gcomhar le ALLTAR, chun oíche spesialta faoi rún a chur i láthair. In éineacht le Huartan beidh tacair cheoil ó Current State @jthesampson , @signorbari , agus @surka_dj
Ticéidí inár mbio. Tá spásanna teoranta ann mar sin de cheannaigh do thicéad go luath. Beidh oíche fhiáin againn. Bígí linn. ✨ @cnagaeilge@snagaeilge
Míle biochas✨ Oíche draíochtúil
𝙄𝙣𝙫𝙤𝙘𝙖𝙩𝙞𝙤𝙣 𝙩𝙤 𝙩𝙝𝙚 𝙐𝙣𝙨𝙚𝙚𝙣 an chéad imeacht collab a bhí againn agus oíche spéisialta a bhí ann ag @126gallery.studios . Spás cumhachtach cruthaithe ag @roismusicroismusic , léiriú taibhealaíne le @herstory_ireland a threorú ag @aineo_brien agus na h-ealaínteoirí a raibh a gcuid oibre mar chuid den taispeantás (le feiceáil sa chéad postáil eile)
Sitting within the space, and interweaving song, sound, space and spirit really sent us into an ethereal, collective and healing presence that represents what Alltar is all about.
Buíochas ó chroí le achan duine a ghlac páirt ar an oíche agus leis an slua iontach. Breis agus céad duine sa dánlann agus é chomh ciúin leis an uaigh i rith na léirithe. Agus an-am go deo againn ag damhsa le chéile ag an iarchóisir sa @cafeantaibhdhearc
Oíche spreagúil a líon ár gcroíthe agus a shuaimhnigh ár anamacha. Táimid ag tnúth go mór leis an chéad ceann eile ✨✨✨
Grianghrafanna 1, 2, & 4-7 le @emma_zukovic 📸
Wow✨We are honoured to welcome @roismusicroismusic into 126 this Friday for the launch of 𝙄𝙣𝙫𝙤𝙘𝙖𝙩𝙞𝙤𝙣 𝙩𝙤 𝙩𝙝𝙚 𝙐𝙣𝙨𝙚𝙚𝙣, an exhibition and event curated by @_alltar
This is open to all, but space will fill so get. in. early. 📣
✨Doors at 6✨
“Róis is a South Fermanagh/Border born composer and multi-instrumentalist whose performance explores diverse modes of expression; forging an idiosyncratic blend of folk and Sean-nos song, electronics, jazz harmony and extended vocal techniques. She calls the dead with her haunting sean-nós keening songs as well as her massive thunderous and booming soundscapes. Always changing her set lists for each performance, people describe them as transcendent, healing and sometimes shocking.”