Home rternagPosts

RTE Raidió na Gaeltachta

@rternag

Stáisiún raidió do phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge. Tá stiúideonna againn i gCasla, sna Doirí Beaga, i mBaile na nGall agus i mBÁC.
Followers
13.7k
Following
768
Account Insight
Score
35.86%
Index
Health Rate
%
Users Ratio
18:1
Weeks posts
An Baitsiléir le The Railway Boys beo ar @coisircheoil @maddensbarbelfast_home_of_trad agus muid ag seoladh @scoilgheimhridhgd 🕺🎶 Is féidir éisteacht siar leis an gclár iomlán ar sheinnteoir RnaG📻
10.1k 110
5 months ago
Tá muid faoi gheasa ag Séamus agus Caoimhe @seamusandcaoimhemusic ✨🎶 Leagan draíochtúil de ‘Casadh an tSúgáin’ ar @pe_sceal_e 🎶
1,436 45
8 days ago
Bhí ríméad orainn fáilte a chur roimh Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly @presidentirl , ar a cuairt speisialta chuig Ceannáras Raidió na Gaeltachta i gCasla inné💚 Chuir an tUachtarán crann nua taobh amuigh den stáisiún, nós ar chuir an tIarUachtarán Máire Mhic Róibín tús leis agus ar lean Micheál D Ó hUigínn chomh maith.
282 4
5 months ago
Amhrán RnaG - An tAmhrán is Ansa Linn🎶📻 Tá RTÉ ag comóradh céad bliain de chraoltóireacht seirbhíse poiblí in Éirinn i mbliana, agus mar chuid den chomóradh speisialta seo tá @coisircheoil ag lorg na hamhráin Ghaeilge is ansa lenár n-éisteoirí dílse! Tá Cóisir Cheoil ag lorg bhur gcuid moltaí chun liosta de na 30 amhrán Gaeilge is fearr leis na Gaeil a chur le chéile agus tugann muid cuireadh d'éisteoirí an t-amhrán is ansa libh a insint dúinn. Déanfaidh painéal moltóirí, ar saineolaithe ar an gceol Gaelach iad scagadh ar na moltaí uilig agus fógrófar an liosta ar Cóisir Cheoil. Chun do mholadh a chur san áireamh, téigh chuig rte.ie/amhranRnaG agus insigí dúinn cén t-amhrán is ansa leatsa roimh an 10 Meitheamh. Roinnigí bhur rogha linn chomh maith #AmhránRnaG Éist le Cóisir Cheoil le Dónall Mac Ruairí ó 2.30in inniu chun an scéal ar fad a chloisteáil!
53 0
3 days ago
Beidh muid beo ar @ansaolodheas @rternag ag a 12! Bígí linn! 🌤️💕🎶 @tomdelanypipes
119 0
4 days ago
Tá Gaoth Dobhair fríd chuig @cpnag2026 Náisiúnta 2026 @ardara.gaa 1- 11 V 0-17 @clggaothdobhair Beidh Gaoth Dobhair V @Cill tSéadhna tráthnóna Dé hAoine sa chomórtas náisiúnta. Labhair muid le Bainisteoir Ghaoth Dobhair Rónán Mac Niallais i ndiaidh a mbua. @rternag
96 0
12 days ago
Comórtas Sóisear @cpnag2026 Gaeil Fhánada 2-13 V 0-12 An Clochán Liath @gaeilfhanadaclg @officialdonegalgaa
81 0
12 days ago
Comórtas Sinsir na mBan @cpnag2026 bainte ag @clgantearmainn @clgantearmainn 4-14 V 4-8 @naomhmuireladies Labhair muid le Anna Ní Ghallchóir i ndiaidh an cluiche. @rternag @donegallgfa
148 1
12 days ago
Cluiche Ceannais Idirmheánach na mBan @cpnag2026 @clgnaomhcolumba 1-15 V 2-10 @clgardanratha Labhair muid le Niamh Ní Bhaoill imreoir @clgnaomhcolumba i ndiaidh an cluiche. @clgchillchartha
147 0
12 days ago
Craolfar aifreann tórraimh Mháire Ní Bhraonáin beo ar Facebook Live RTÉ Raidió na Gaeltachta ag 2.00 inniu🕊🕯 📻 Dán galánta a chum an Dr Art Hughes a craoladh ar @barrscealta_rternag maidin inniu.
105 1
29 days ago
Déanann RTÉ Raidió na Gaeltachta comhbhrón ó chroí le teaghlach agus cairde an cheoltóra iomráiteach Máire Ní Bhraonáin as Gaoth Dobhair, a fuair bás sa bhaile aréir. Chuir Máire Ní Bhraonáin an ceol Gaelach agus an Ghaeilge ar ardán idirnáisiúnta le blianta fada, agus ba ambasadóir iontach í don chultúr agus don teanga agus dá ceantar dúchais. B'iomaí uair Máire ar chláracha de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta agus thug sí a cuid ama go fial flaithiúil i gcónaí. Dúirt Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta, Gearóid Mac Donncha: "Is údar mór bróin dúinn é in RTÉ Raidió na Gaeltachta go bhfuil Máire Ní Bhraonáin imithe ar shlí na firinne. Bean Ghaeltachta agus laoch ceoil le guth binn, ceolmhar, a bhí lárnach i scéal na tíre seo ó thaobh an cheoil. Chuir sí an Ghaeilge, an traidisiún agus an nuálaíocht ar ardán náisiúnta agus idirnáisiúnta ar bhealach nach bhfacthas riamh cheana. Shiúil sí an domhain mhóir ag cur daoine faoi gheasa agus spreag sí amhránaithe agus ceoltóirí go leor, go h-áirid iad siúd as a gceantar féin. Tá muid thar a bheith buíoch di as an gcúnamh a thug sí dúinn in RTÉ Raidió na Gaeltachta go minic agus ba mhaith linn comhbhrón ó chroí a dhéanamh lena clann, gaolta agus cairde. Leaba i measc na naomh agus lucht an cheoil go raibh aici.” Craolfar aifreann sochraide Máire Ní Bhraonáin beo ar Facebook Live RTÉ Raidió na Gaeltachta ag 2.00 Dé hAoine 17ú Aibreán 2026.
187 5
1 month ago
Fuair an ceoltóir aitheanta Máire Ní Bhraonáin, príomh amhránaí an ghrúpa ceoil Clannad as Dobhar, Gaoth Dobhar, bás sa bhaile aréir. Bhí aithne leitheadach ar Mháire Ní Bhraonáin mar bhall den ghrúpa Clannad agus mar cheoltóir aonarach. Sheas sí an fhód don Ghaeltacht, do Dhún na nGall agus d’Éirinn agus chuir sí ceol na gConallach agus na hÉireann chun cinn i gcónaí sa bhaile agus i gcéin. Beidh clár ómóis againn inniu ar @barrscealta_rternag ar do Mháire Ní Bhraonáin idir 11-12i.n. Beidh fáilte romhaibh bhur gcuid cuimhní a roinnt linn agus teachtaireachtaí a sheoladh isteach chugainn. Déanann muid ár gcomhbhrón lena fear céile, Tim Jarvis, a mac Paul, a iníon, Aisling, a máthair Baba agus clann Uí Bhraonáin uilig ag an am seo. Tá laoch ar lár. Ar dheis lámh Dé go raibh a hanam uasal Gaelach🕊️
693 11
1 month ago