🎤 Gradaim NÓS 2026
🎉 Oíche den scoth ag na Gradaim ag déanamh ceiliúradh ar scoth na gceoltóirí san earnáil! Comhghairdeas leis na ceoltóirí uilig a bhí ainmnithe agus a bhí ar an ardán 🙌🏼
Bhí MaryClaire & Pól ag an ócáid speisialta mar sin, beidh blaiseadh den oíche le cluinstin an tseachtain seo ar Raidió Fáilte.
📻 107.1FM nó raidiofailte.com
14. ‘Recession Indicators’: Keir Starmer (fós) i bponc, an staid Met Life, agus an Cocodona 250
Clár na seachtaine seo beo ar 107.1FM ar a 2in - agus ar fáil ar Spotify óna 2i.n. chomh maith!
Beidh muid ag glacadh sos coicíse (🥲) ach beidh muid ar ais go luath!
An tseachtain seo:
🎙️ Scéalta náisiúnta: An bhfuil an margadh ag éirí róphlódaithe agus róchostasach do ghnáthmhic léinn i mBéal Feirste? Chomh maith leis sin, tugann Jack léargas ar an mbrú polaitiúil atá fós ar Keir Starmer an tseachtain seo.
🌍 Idirnáisiúnta: Tá “beef” ar líne idir Meiriceánaigh agus Eorpaigh roimh Chorn an Domhain 2026 - an féidir linn siúil chuig MetLife Stadium? Agus recession indicator ag Jack dúinn: an bhfuil Milka ag gearradh siar ar mhéid a mbarra seacláide?
👏 Siamsaíocht na seachtaine: Ó thaighde Gaeilge agus logainmneacha go ceisteanna faoi chomorthaiocht dhátheangach - plé oscailte againn ar chuid de na scéalta cultúrtha is mó an tseachtain seo.
🏃♀️ Dea-scéal na seachtaine: Scéal dochreidte ó Arizona nuair a bhuaigh Rachel Entrekin an Cocodona 250, ag críochnú 250 míle le 19 nóiméad codlata!
Curtha i láthair ar bhealach éadrom agus macánta, le beagán craic agus neart anailíse.
Mar sin… má bhíonn tú ag fiafraí cad é an scéal? Tá tú san áit cheart.
🎧 Éist anois ar Spotify nó tiúnáil isteach ar Raidió Fáilte gach seachtain.
🎙️✨🩷 Cothú An Cheoil ar ais arís!🩷✨🎙️
Ar mhuin na muice roinnt libh go mbeidh clár ceoil s’agam ar ais ar na haerthonnta amárach! Agus beidh aoi speisialta liom an tseachtain seo a roghnóidh an seinnliosta 😉🐖
📻 107.1fm |
Inniu ar Raidió Fáilte agus Spotify ar a 2i.n.!
13. "If this was satire, it would be unbelievable": Scannail ó dheas, Toghchán sa RA, dráma ag Real Madrid agus ‘Teen Takeovers’ sa SAM
🎙️ Scéalta náisiúnta: Tosaímid leis an seid rothar €127k in Ospidéal Ollscoile Chiarraí - agus briseadh síos ag Storm ar na scannail airgeadais is mó in Éirinn. Chomh maith leis sin, Starmer i bponc agus toghchán sa RA.
🌍 Idirnáisiúnta: Cásanna hantavirus ar long chúrsála, cé go ndeir an WHO nach bhfuil baol paindéime ann - ach tá Storm buartha! An dráma is déanaí ag Real Madrid ag Jack.
👏 Siamsaíocht na seachtaine: Pléimid feiniméan na “Teen Takeovers” i Washington, D.C. agus ‘scientology speedruns’ in LA agus Vancouver!
Curtha i láthair ar bhealach éadrom agus macánta, le beagán craic agus neart anailíse.
Mar sin… má bhíonn tú ag fiafraí cad é an scéal? Tá tú san áit cheart.
🎧 Éist anois ar Spotify nó tiúnáil isteach ar Raidió Fáilte gach seachtain.
🔔Tá muid ag earcú!🔔
Tá Raidió Fáilte sa tóir ar Cúntóir Riaracháin Lánaimseartha.
Tuilleadh eolais agus foirm iarratais ar fáil ó: Cillian Breatnach [email protected] nó ar
📆Spriocdháta📆
17:00, Dé Máirt 12ú Bealtaine 2026
Beidh cúrsa scileanna raidió ag Raidió Fáilte thar dhá lá ar an 23ú agus 24ú Bealtaine.
Más suim leat bheith páirteach le scileanna nua a fhoghlaim agus le bualadh le Gaeil eile sa chathair, seol ríomhphost chuig ár nOifigeach Traenála agus Léiriúcháin, Pól, ag treaná[email protected]
12. 'The Giant': Iniúchadh Mandelson, Maratón Londain, Trump agus an Rí Shasana
🎙️ Scéalta náisiúnta: Pléimid an t-ionsaí buama i nDún Muirí. Chomh maith leis sin, iniúchadh polaitiúil ar Mandelson.
🌍 Idirnáisiúnta: Fear cúisithe i ndiaidh iarracht dúnmharaithe ar Donald Trump ag dinnéar i Washington, agus cuairt mhór stáit ó Rí Shasana.
👏 Dea-scéal na seachtaine: Déanaimid ceiliúradh ar éacht dochreidte Sabastian Sawe, a rinne stair i Maratón Londain mar an chéad duine riamh le maratón faoi dhá uair an chloig i gcomórtas oifigiúil.
☘️ Cultúr & Siamsaíocht: Albam úr ó Kneecap agus an singil nua Irish Goodbye & plé ar “The Giant”, an dealbh ollmhór €35 milliún atá molta do Bhaile Átha Cliath.
Curtha i láthair ar bhealach éadrom, géarchúiseach agus macánta — le beagán craic agus neart anailíse.
Mar sin… má bhíonn tú ag fiafraí cad é an scéal? — tá tú san áit cheart.
🎧 Éist anois ar Spotify nó tiúnáil isteach ar Raidió Fáilte gach seachtain.
Ar thug tú faoi deara an ghné is déanaí ar shuíomh Fhís an Phobail? I mblag na seachtaine, cuireann Pádraig Ó Mathúna síos ar thábhacht na giuirléide 🎶 atá beo ar an suíomh anois!
🔗 Nasc sa bio
Ar eagla gur chaill tú an chéad chraoladh ar maidin, athchraolfar an clár speisialta seo in ómós d'Aoife Ní Riain.
Ag deireadh an chláir, seinneadh an t-amhrán nua Kneecap, Irish Goodbye, a scríobh Móglaí Bap i gcuimhne a mháthar Aoife.
Craolfar an clár arís ar 22:00 anocht agus
3:00 GMT maidin amárach dár n-éisteoirí thar lear.
Well a chairde Gael.
At 11am this morning 'Irish Goodbye ft. @kaetempest ' will simultaneously be beamed on two stations for its world premiere:
🍏 @applemusic with @w1lko
🇮🇪 @raidiofailte with Séimí Mac Aindreasa
On the day that Kneecap honour Moglaí Bap's mother, Aoife, with a song, Raidió Fáilte will celebrate her with a special, hour-long show, in the company of her friends and family, presented by Séimí Mac Aindreasa and produced by Pól Ó Néill.
Aoife was a presenter on the station and also worked there in various roles.
10. 'It is never wrong to do the right thing': Agóidí breosla, Bua Rory, Trump vs Leo XIV, agus ionsaithe ar AI
Tá muid ar ais! Beidh Cad é an Scéal na seachtaine le chloisteáil ar a 2in ar 107.1FM agus ar Spotify.
An tseachtain seo:
🎙️ Scéalta náisiúnta: Pléimid na hagóidí breosla agus an brú polaitiúil a chruthaigh siad, lena n-áirítear an vóta muiníne agus éirí as Michael Healy-Rae. Chomh maith leis sin, bua mór Rory McIlroy sa ghalf.
🌍 Idirnáisiúnta: Trump v an Pápa Leo XIV agus an conspóid IS, toghchán na hUngáire, agus achainí AE le níos mó ná milliún síniú ag éileamh gníomh i gcoinne Iosrael.
☘️ Cultúr & Siamsaíocht: Míthuiscint idir Jorginho agus Chappell Roan a chuaigh as smacht...
&
🤯 Nuacht aisteach: Iarracht ionsaithe ar theach Sam Altman ó OpenAI - scéal aisteach faoin teannas timpeall IS.
Curtha i láthair ar bhealach éadrom, géarchúiseach agus macánta — le beagán craic agus neart anailíse.
Mar sin… má bhíonn tú ag fiafraí cad é an scéal? — tá tú san áit cheart.
🎧 Éist anois ar Spotify nó tiúnáil isteach ar Raidió Fáilte gach seachtain.