Bhí fíorbhrón orm nuair a chuala mé go raibh Manchán Magan tinn, agus labhair mé le cairde
@mayaderrington agus
@emma_ni_chathain faoi mar gurb iadsan an fáth go raibh an pribhléid agam bualadh agus obair le Manchán, nuair a labhair mé leis do
@theirishfors3xdoc . Bhímid ag súil go mbeadh níos mó ama aige ná go raibh sa dheireadh, ach nuair a bhfuair muid an nuacht go raibh sé sna huaireanta deireanach rinneamar cinneadh teachtaireact deireanach a sheoladh ón triúir againn, nuair a bhí an seans fós ann go gheobhaidh sé é, so scríobh me ceann suas le seintimint ón 3 agus sheol me é le roinnt pictiúir ó theach Manchán agus an duilliúr álainn timpeall air. Seo é an teachtaireacht sin:
A Mhanchán, a chara dhílis,
Is le brón ollmhór a chloisimid faoi do bhreoiteacht le cúpla mí anuas, agus theastaigh uainn ár ndea-mhianta agus grá a sheoladh chugat. Táimid thar a bheith buíoch díot as bronntanas do chuid saothair - chomh maith le do phearsantacht fhiáin, speisialta, spleodrach - a roinnt linn thar na blianta.
Méid is atáimid croíbhriste ag cloisteáil faoi d’fhulaingt, tá lúcháir orainn freisin go raibh an deis agus an phribhléid againn bualadh leat agus an mhaidin draíochtúil sin a chaitheamh ag do theach, faoin tuath, ag machnamh ar áilleacht na teanga Gaeilge agus ag ragairne i solas do phaisean mór di thar shúimíní thae úr, na duilleoga díreach pioctha ó do ghairdín.
Coimeádfaidh muid an íomhá sin duit inár gcuimhní i gcónaí, agus tá súil againn go bhfuil pé plean atá leagtha amach ag an chruinne duit, go bhfuil sí cineálta agus spraíúil go leor le tabhairt faoi do phearsantacht agus d’anam ollmhór, a bhfuil tar éis tionchar ollmhór a bheith acu ar na mílte, agus a bhfuil grá ag na mílte dóibh.
Agus cuimhneoidh mé i gcónaí na stickywillies a bhailiú le haghaidh uisce garbhlus aon uair a fheicim iad.
Gach rath i ngach eachtra i gcónaí, a chara Ghael.
💚
Nuair a chuala Manchán go raibh mise chun a bheith mar láithreoir an chlár, chuir sé dm chugam chun chomhghairdeas a thabhairt. Bhí sé flaithiúil mar sin, lena thionchar, a dhearfacht, a shonas. Is mór an onóir a bhí ann, aithne a bheith agam air agus go raibh aithne aige orm
Ní bheidh a leithéid ann arís.